School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 057
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tagann lá Fhéile Brighde ar an 1adh de mí Feabhra. Deireann na daoine gur bé sin an chéad lá d'Earrach. Tá nós aca ag cur croiseanna suas in-onóir do Naomh Brighid.Bíonn daoine ag imtheacht an oidhche sin agus crios déanta aca le súgáin agus bíonn ceithre crois air. Nuair a thagann síad isteach i dteach, deireann siad:-
Crios Brighde mo chrios
Crios na gceithre gcrois
An té a ghabhfas amach fá mo chrios
Go mba fearr a bhéas sé bliadhain ó anocht
Annsin téigheann muintir an tighe amach fá'n gcrios agus tugann siad pinghneacha dóibh.