School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 073
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 073
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Sgéal atá le n-aithris do thír is do talamh ¶ Dá innseacht do lag is do láidre”
I
Sgéal atá le n-aithris do thír is do talamh. Dá innseacht do lag is do láidie
Dá chuir ag na sagairt, is as sin ag na h-Easbuig
'S iad sin dá sgríobh ag an bPápa
II
Sailim na mallacht da léigheamh do'n altóir
Ar aon dhuine a dhéanfadh cúis náire
Sé bairthlín an Gaduidhe ba cionntach ar fad leis
Robáil se Mhalas gan ádhbhar.
III
Bhí sé Dia Sathairn ag dul siar go Cuilim ag baint creathnuighe
Is ag dul siad dhó thar theach Pheadar Mháirtín
Bhíodar dhá dhearcadh 's dá tabhairt siúd fa deara
Síl siad gur fear a bhí mbad é.
IV
Labhair Micil Thomáis ' séard dubhairt sé le Oeadars
Sílim gur duine gan náire é.
Ach fágam ar m'anam nach leigfidh mé isteach é,
Go bhfágaid mé teanntas níos fearr air.
V
Dubhairt Caitlín Úna is fearr dhíobh é phlúchadh
Nó é thabhairt ag an gcrompán 's é báthadh
Breathnuighibh romhaibh tá an costas an trom
Is ní íocfaid an dúthchaigh go bráth é.
VI
Bhí Paid Ó Conghaile ag fáire na hoidche(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Threasaidhe
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Threasaidhe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male