School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 026
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 026
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal.
Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air, Jack, an Gaduidhe Dubh. Nuair a bhí sé ina ghasúr thug a mháthair faoi deara go mbiodh sé ag goid chuile shórt. Ní raibh a fhios aici céard a dhéanfadh sí leis. Maidin amháin, d'éirigh sí an mhoch agus chuaidh sí ag teach an phobail. Rith an gasúr leis agus bhí sé i dteach an phobail roimh a mháthair. Chuaidh sé ar a glúnaibh agus thosuigh sí ag iarraidh ar Dia céard a dhéanfadh sí leis. Bhí an buachaill taobh istigh den altóir agus dubhairt sé, "Cuir le gaduidheacht é." Shíl an bhean gur bhé Dia a labhair. D'éirigh sí agus chuaidh sí abhaile. Sé an rún a bhí aici a chur le gaduidheacht. Chuir sí ag fear é a múinfea[dh] dó le gaduideacht a dhéanamh. Bhí sé ag foghluim scathamh. Lá amháin chonnaic Jack agus an fear fear ag dul an bhóthair agus caoirigh aige. Dubhairt an fear le Jack dá mbeadh sé indon na caoirigh sin a ghoid go mbeadh sé chomh maith leis féin agus go dtiubharfadh sé chúig phunt dó. Bhí dhá bhróig nua ag Jack. Chaith sé ceann aca ar an mbóthar roimh an bhfear agus chaith sé an ceann eile míle as an áit sin. Nuair a chonnaic an fear an bhróg nua, dubhairt sé leis fhéin nach raibh aon gnótha aige di nuair nach raibh a leath-cheann eile aige. D'imthigh sé leis. Nuair a bhí míle siubhalta aige casadh leis an bhróg eile. "O, a dheabhail," adeir sé, "chonnaic mé a leath-cheann sin cheana. Rithfidh mé ar ais ghá h-iarraidh agus fanfaidh na caoirigh annsin go dtigidh mé." Nuair a fuair Jack(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Pádraic Mac Dhonnchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male