School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lanamha ina gcómhnuidhe i gCam an Liaigh fadó agus bhíodar go beo bocht mar ní raibh aon rud sa saoghal acu chun iad do bheathú. Bhí fear a' tighe an-chliste ar fad-- chuirfeadh sé cosa fé chearca duit, bhí sé chómh seana-chríona sin. Thárla gur ghaibh beirt bhacach timcheall lá, go raibh seana-chapall acu, agus d'iarradar lóistín ar an bhfear seo. Dubhairt sé leo go dtiubhradh agus fáilte dá bhfuigheadh sé an capall uatha. Sin é mar a bhí an scéal. Chuala fear a' tighe seo go raibh ministir a bhí i bParóiste Fionn Trágha ag lorg capaill le ceannach, acht bhí fhios aige nárbh aon mhaitheas dó a chapall fein mar bhí sé ró-chriona.
Aon lá amháin agus é ina shuidhe ag an bhfuinneóig, is é ag féachaint ar an méid pinginní a bhí aige treis na seachtmhaine , chonnaic sé an ministir ag teacht fé dhéin an tighe, agus chuimhnigh(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry