School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 162
- XML “Beannacht na Déirce”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gach n-aon a shíneann a lámh chughainn,
Le cuid bheag ná mór
Go dtéighidh sé do stór na bhFlaitheas dó,
Ag méadú glóire Dé agus ar leas a n-anamna. (no title)
“Deirtear gurbh'í a dhriofúir a dhein an t-amhran so leanas do Tomás an éithigh...”
Deirtear gurbh'í a dhriofúir a dhein an t-amhrán so leanas do Thomás an éithigh nuair thréig sé an creideamh.Donas is léan duit an scéal so le n-innsint ,
Gur iompuighis ód' ghaolta is lucht béarla gur luighis leo,
Do thugais Biobla 'n éithigh ag tréan-mhasladh Íosa,
Is chuiris bréag ar an mnaoi mánla gurab' í máthair gheal Chríost í. Iarr-se na grásta ar an Slánuightheoir Naomhtha,
Is ar an Mhaighdin gheal máthair a bhí ingár leis mar chéile,
Sí chonnaic insa Pháis É go cráidhte tinn céasta,
Fé mar do bheadh Rí 'madán ag an ngárla dá dhaoradh.Chreideas go bhfágfair gan fagháltas an saoghal so,(continues on next page)