School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 110](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_110.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 110
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr fear ann aon uair amháin. Bhiodar ar feadh na h-oidhche Dé Sathairn ag imirt cártaí go maidinDé Domhnaigh, agus do sheasaimh coinneal pingne dóibh an fhaid sin ar ar lasadh. Ar maidin Dé Domhnaigh do theastuigh ó dhuine acu dul go dtí an t-Aifreann , agus ní raghadh an bheirt eile in aon chor. Bhiodar ag imirt fós, thuit ceann de's na cártaí ar an dtalamh, agus d'isligh an duine a bhí ag dul go dtí an t-Aifreann chun an cárta do thógaint. Chonnaic sé an deamhan fé'n mbórd agus crúb air.
Nuair a chonnaic sé an deamhan agus an chrúbair d'fhág sé na cártaí annsan agus chuaidh sé go dtí an t-Aifreann, agus d'fhan an bheirt eile ag imirt na gcártaí fós. D'fhanadar ar feadh an lae go léir ag imirt na gcártaí go dtí an oidhche. Stadadar annsan agus chuadar abhaile. Bhiodar ag dul abhaile agus bhuail an duine leo a bhí ag an Aifreann. Bhiodar ag trácht thairis na cártaí. D'imthigh gach aoinne acu ina bhóthar féin abhaile.(continues on next page)- Informant
- Siobhán Bean Uí Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- Over 70
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Cathair Bó Sine, Co. Kerry