School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus do chómhnuigh sí sa Daingean. Oidhche amháin nuair do bhí sí ag áirneáil do tháinigh na púcaí chúiche. Do chuireadar corcán síos sa teine, agus do chuireadar an bhean síos go dtí an tobar chun uisge a thabhairt dóibh. Bhí faitchíos a h-anama ar an mhnaoi agus chuaidh sí síos. Do tharraing sí an t-uisge , agus nuair do bhí sí ag teacht aníos agus an buicéad uisge ar a ceann do chuala sí an guth a' rádh léi screadaigh ós árd leis na púcaí agus innsint dóibh go raibh Árd na Caithne tré theine. Annsan nuair a bheadh na púcaí imthighthe amach cosa na gcearc do ghlanadh agus an (tlúgh) do chur isteach sa teine.
Do chuaidh an bhean suas go dtí an tigh , agus chómh luath is do shrois si an táirseach do ghlaoidh sí amach in árd a cinn is a gutha: "Tá Árd-na-Caithne tré theine".
Nior fhan na púcaí le n-a thuille , do ritheadar amach chómh tapaidh is bá dhóbhair dóibh a chéile do mharbhú insan doras,(continues on next page)- Informant
- Brighid Bean Uí Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry