School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon mhaidin amháin timcheall a ceathair a' chlog bhí mo shean-mháthair ag dul go dtí an tobar ag triall ar uiscechun na h-éadaighe do nighe. Nuair a bhí sí ag teacht aníos ó'n dtobar chonnaic sí fear ar muin capaill agus éadaigh donna air. Tháinigh sé aníos an bóthar agus nuair d'fhéach sí siar bhí sí imthighthe. Tháinigh sí féin abhaile, chuaidh amach go dtí an stábla agud bhí an capall imthighthe.
D'fhéach sí an fhuinneóg amach agus chonnaic sí an fear donn ar muin an chapaill airís. Chuaidh sí go dtí an doras agus má chuaidh bhí an capall le feiscint ach ní raibh tásc ná tuairisc ar an bhfear donn. Go h-obann do h-oscaileadh an doras, bualadh buille do'n bhfuip ar an gcapall agus chuaidh se isteach. Do dúnadh an doras airís ach ní fheaca sí aon duine. Annsan do dhein sí comhartha na Croise agus chuaidh sí isteach.- Collector
- Eibhlís Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Dhonnchadha
- Other names
- Bean Uí Dhonnchadha
- Eibhlís Nic Ghearailt
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry