School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon uair amhain do bhí bean ann agus bhí dáréag chlann aice. Bhí sí féin an-aosta san am, ach ní raibh an leanbh a b'óige ach cúig bliadna d'aois. Ba mhaith leis an tsean-bhean gal tobac a bheith aice go minic sa ló agus istoidhche leis. Aon oidhche amháin do ghlaoidh sí ar duine de's na leanbhaí a píopa do d'fhagháil di i lár na h-oidhche. Chuaidh duine acu go dtí an cistín agus chuala sí na sidheoga ag gáire is ag gáire ann. Rith sí thar-n-ais airís go dtí an leabaidh.
Annsan chuaidh duine eile acu ag lorg an phíopa , agus chuala sise an gáire ceadna agus rith sí thar n-ais airís. Chuaidh gach duine acu go dtí an cistin mar sin, chuala gach duine acu an gáire agus rith thar n-ais airísgo dtí an leabaidh. Sa deire chuaidh an leanbh a b'óige síos go dtí an cistin, ach má chuaidh mhairbh na sideoga é. Do baineadh an oiread san de gheit as an sean-bhean gur éag si i bpoinnte boise.- Informant
- Brighid Bean Uí Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry