School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 602
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
- XML “An Luchargán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear go bfuil ór san áit seo go glaodthar "Cam Cruinn" air sa chnoc idir lios, 's tír. Tá sé istig i gcorcán agus cat ag tabhairt aire dhó. Deirtear go raibh fear ag dul suas ann fadó agus nuair a thainig sé go dtí an áit gur chualaidh sé céal agus rínnce.
Do thuit sé na chodhla agus nuair a dhúisig sé do bhí a aghaidh go leir scríobtha agus deirtear gurab é an cat a dhein é, mar níor mhair sé ró fhada na dhiaidh sin.- Collector
- Siobhán Ní Leighin
- Gender
- Female
- Bhí fear i Liosnacaolbhuidhe fadó. Chuaidh se amach maidin amháín go moch agus cad a chonnaic sé ach lotharagán ag dul isteach sa gcliadhe. Do rug sé air agus do thug sé leis abhaile é, mar do bhí fhios aige go maith go raibh "sparán na scillinge" aige.
Nuair a thug sé abhaile é do cheangail sé é le téadán. Gach aon mhaidin nuair a eirigheadh na leanbhaí bhíodh an lotharagán ag gáiridhe fé bhean a' tighe mar ní chuireadh sé a gcuid eadaig ar na leanbhaí ach iad ag dul mór thimcheall agus gan ortha ach an léine-oidche.
Nuair a chrochadh sí an corcán uisce ar an dteine bhíodh an tuisce ag fluichaid agus ní thógadh sí de'n teine é sin arís go ndeineadh sé scarta mór gáire. Mar sin do bhíodh sé gach lá, ach sa deire thiar thall, do bhí deire na foidhne caithte aici, leis, agus do leig sí amach an dorus é. Nuair a thainíg an fear abhaile(continues on next page)