School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 636
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó, fadó do táinig lóng seóil isteach go dtí Cuan Fionn Trágha. Lóng séoil do bead í. Maírnealaig ó'n Spáin dob eadh íad go léir ach aon Eireannach amháin. Do tháinig na Maírnéalaig go léir isteach go dtí Fionn Trágha agus d'óladar braon. Do bhí ualach mór óir ínnte.Do bhí an t-Eireannach ana chliste ar fhad agus do chuir sé chuid d 'en ór isteach 'na bhuataisí móra máirnéalaig, mar ní raibh aon rud eile aige chun an t-ór do chuir isteach ann; agus seo leis ag siubhal i dtró an "Mhullach Bhéal" ag ealú uatha. Nuair a chuaidh na máirnéalaig ar bórd airís do bhraitheadar an t-ór, agus an t-Éireannach leis, imighthe. Do thosnuigheadar ag rith na dhíaidh agus do thánadar suas leis ag "Gleann-Seana-Chuirp." Do lámhachadhar agus do goideadar (?) é. D'éirig leis dul go dí áit éígint annsan agus do chuir sé an t-ór i bhfolach ann. Cúpla lá na dhiaidh si do fuair na daoine a chorp agus in aice an chuirp do bhí leac agus ar an lic do bhí an scríbhinn:-"IDIR DHÁ SHRUTHÁN IN AICE LOCHA, FÉ SCÁTH CHRAINN FOLLAIMH, ATÁ AN t-ÓR I bhFOLACH"Tá sé ráidhte go bhfuil an t-ór ann ó shoin.
(Fuaireas an sgeal so ó Dhonnchadh Ó Griffín atá 40 bl. Cualaid sé sin é ó-na Sheana-athair atá marbh anois)- Collector
- Eibhlis Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Donnchadh Ó Gríffín
- Gender
- Male
- Age
- 40