School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 616

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 616

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 616
  3. XML “Seánscéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rígh agus banríoghan in a gcomhnuidhe i ndheisceart Eireann fadó. Ní raibh aon chlann aca. Bhí sean-drao[í] in a chomhnuidhe ar an túisceart agus dubhairt sé leis an mbanríoghan dul go dtí an choill agus bheith ag guidhe fé chrann áirighthe ar feadh naoí lá, agus go mbheadh mac aici. Do chuaidh an bainrioghan go dtí an coill agus bhí sí ag guidhe agus i ndeire naoí mí do rughadh mac di, agus sé an ainm a ghlaodhar air ná "Neart Rígh Éireann"
    Nuair d'fhás sé bhíodh sé ins na coillte agus gcomhnaidhe. Lá amháin bhí sé istig igcoill mhór agus tháinig sé go dtí an teóra a bhí idir an tuisceart agus an deisceart. Do léim sé an teóra agus ar an dtaobh eile bhí mórán ainmhidhthe fiaidhne. Bhí león mór chun é do marbhú ach rug "Neart" air agus chaith sé ar an dtaobh eile do'n teorain é. Do léim sé féin treasna arís, do rug sé ar an león agus tug sé abhaile leis é. Do cheanghal sé le crann mhór é, a bhí ocht feadha ar leithead. Bhíodh an león ag planncadh an crann agus gach plannc a thógfhadh sé as, bhíodh sé trí troigthe are doimhineas. Nuair chonnaic an rígh é tháinig eagla air agus dubhairt sé le "Neart" dul isteach san tig, agus go bhfaigheadh sé claidheamh istig agus an león do mharbhú leis. Chuaidh "Neart" isteach ach ní raibh aon chlaidheamh istig láidir a dhóithin do, gach chlaidheamh go mbheireadh sé air, bhriseadh sé é. Tháinig sé amach arís agus do mhairbh sé an leóin le buile dhoirn. Annsan dúbhairt sé le'n athair go raghadh sé chun an domhain d'fheiscint, dubhairt a athair leis go ndéanfhadh sé bád do.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Ní Néill
    Gender
    Female
    Informant
    Breanndán Ó Néill
    Gender
    Male