Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 676](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_676.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 676
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Nuair a bhíonn ceann an mhadra leis an dteine sin (cómhartha báistíge)
2. Nuair a bhíonn bearradh caorach sa spéir sin droch (cómhartha ar an aimsir)
3. Nuair a bhíonn na cúirliúin ag glaodach sin (cómhartha báistíge)
4. Nuair a bhíonn an spéir ana dhoracha sin (comarta báistíge)
5. Nuair a bhíonn fáinne tímpeall na gealaighe sin (droch chómhartha ar an aimsir)
6. Nuair a bhíonn na coiligh ag glaodach sin (cómhartha aimsir bhreágh)
7. Nuair a bhíonn an spéir ana gheal sin (cómhartha go mbíonn sé ag cur seaca)
8. Nuair a bhíonn na trumpaláin ag lamhancán ar na bóithre agus na garraidhthe sin (cómhartha aimsir bhreágh)
9. Nuair a bhíonn na cearca á bpriocadh féin sin cómhartha eile báistighe
10. Nuair a bhíonn na siongáin ag lamhancán ar na bóithre sin cómhartha báistighe
11. Nuair a bhíonn na lachain ag scréachaig sin cómhartha báistíghe.
12. Nuair a bhíonn an gaoth aniar ann leanann an báisteach
13. Nuair a bhíonn an bogha sin sa spéir sin cómhartha báistighe.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Muirchearthaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Kerry