School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 698
- XML “An Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche na Gaoithe Móire 1839
Tháinig gala mór an oidhche sin agus bhain sé na cinn de'n chuid is mó de's na tighthe san "Tír", agus bhí na daoine istigh agus chaitheadar dul fé sgáth na gcladhacha ón ngaoth. Do bhí céad ceann do bheithidhíge ar bárra an "t-Saís" agus do leag an gála iad go léir leis an bhfaill. Glaodhtar "Nodhlag Beag na Gaoithe Móire" air ó shoin.
Tóirnaeacha agus Teinntreach:-Do dhein teinntreach poll mór sa bhfaill ag bun "Taobh-a-Chnuic" i mBreanndán, uair amháin, agus glaodhtar "POLL a' CHAORA" ar an áit ó shoin.I mí Eanair 1936, do mhairbh splannc trí ba, cúig cínn de ghamhna agus asal. Ba le Tomás Mac Gearrailt ón gCeapaig iad. Ins an bhliain cheádna i mí an Mheitimh do bhí splanncacha agus toírneacha ann. Bhí capall Sheáin Uí Néill istig i bpáirc. Bhuail sceón an capall agus chuaidh sé isteach i bhféith agus caith sé an oidhche ann ar lár, agus do cailleadh é cúpla lá na dhiaidh sin leis an bhfuacht. Eibhlís Ní Néill (ranng VIII)
Sc Baile Uí Dhuibhne,
Breanndán- Collector
- Eibhlís Ní Néill
- Gender
- Female