School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 682
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Síad na fir do b'fheárr chun ualaighe troma do thógaint sa dá pharóiste seo ná:-1) Tomás D'Móra ( ó Liosnacaolbuidhe)
2) Pádruig do h-Orda (ó Liosnacaolbuidhe)
1) Bhí Tomás D'Mora agus Eóghan Ó Neil ag íascaireacht maicréil oidhche amháin. Nuair a thanadar go dtí an Cé Núa cuireadar na líonta anáirde air an Slip agus chuireadar na clocha anáírde leó a bhí sa naomhóíg. " Cuirfidh mé geall leath ná fheadfá na líonta agus na clocha sin do thabhairt leath go dtí an Seana-Ché" arsa Eóghan le Tomás. "Tá go maith," arsa Tomás. Do chuir sé na líónta agus na clocha anáirde ar a dhrom. Bhí tre chéadh meadhchaint ins na clocha agus seacht cinn de líonta, agus bhíodar go léir ar a drom aige. "Is mor an t-ualach é," arsa Eóghan, in aigne féin gus é ag gáiridhe. Dúbhairt Eóghan go raibh sé ag cneadghail fé'n úalach nuair a shroiseadar an Seana Ché. Bhí Tomás sásta mar bhí an geall aige, ach is dócha go bfuil Eóghan ag gáiridhe fós.
2) Do cuir Pádruigh do h-Órda mala mine isteach a ráil. Bhí an ráíl istig i gcairt. Do thóg (?)
Fir Reatha:- Seán Ó Seadhga, Tomás Ó Loinsig, Micí Ó Dúbhda
(Tá síad go léir ón gCláir)(continues on next page)- Informant
- Seamus Mac Gearailt
- Gender
- Male