School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 725
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó in aimsir na Géárleanamhna, do bhí sagart ag rád aifrinn i mBaie Dhub. Dó tháinig dream saighdiuirí agus do scaipeadar an sagart agus na mná go léir. Ní raibh ach aon fhear amháin ann. Do rugadar ar an bhfear. Do chuireadar é ar thóir an t-sagart. Do bhí sé ag dul leis go dtáinig sé go gleann mór. Do bhí sé ag leinint thar an ngeann sin nuair do thuit sé isteach ann. Agus cá dtuiteadh sé ach anuas ar an sagart agus é ag dul i bhfolach. Do rug an fear ar an sagart agus do thug sé é go dtí an áit in a raibh na saighdiúirí. Do thóg na saighdiúirí an sagart leo go dtí Baile Átha Claith. Do chuireadar i bpriosún é agus do baineadh an ceann de cúpla lá ná dhiaidh sin. Nuair a bhíodar á mharbhú do thug sé a nhallacht de'n bhfear agus taréis mí, do fuair an fear san bás. Deirtear gur bé malacht an t-sagairt do thuit air. Do chuireadar ceann an t-sagairt go dtí Lonndain agus do fuaireadar cúpla chead púnt air. Agus do fuair na saigdiúirí cuid de'n airgead.
- Collector
- Máire Ní Shéaghdha
- Gender
- Female