School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 632](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_632.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 632
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 632
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean ann fadó, Seán agus Máire. Bhíodar na gchómhnuidhe inaiche le duin'úasal. Ní raibh aon bhó ag Seán agus Máire, ach bhí feirm ag an duin'úasal. Bhí an bheirt ana cheanamhail ar an duin'úasal. Lá ámhain arsa Máire leis an duin'úasal "is mór an trúagh ná bhfuil loch mór ins an ngáirdín sin amuich. "Conus a chuirfhinn loch annsan"? arsa duin'úasal. Dúbhairt Máire leis an duin'úasal go ndeanfhadh Seán é. "Cuaidh Máire abhaile agus dúbhairt sí le Seán go raibh an duin'úasal ag glaodhach air. Chuaidh Seán go dtí an duin'úasal agus dúbhairt an duin'úasal leis, loch do chur ins an ngáirdín. Chuaidh Seán go dtí an cnoc i bhfolach ó'n duin'úasal.
Connaic sé fear ag teacht chuighe ag marcuigheach ar chapaillín bán. D'innis Seán a scéal do. Thug an fear ceithre clocha do Sheán. Chuaidh Seán abhaile agus chuir sé na chlocha i lár an gháirdín i bhfurim cearnóige. Lá'r na mhaireach bhí loch sa ghairdín. Thainig Máire go dí an duin'úasal mí na dhiaidh sin agus dúbhairt sí "is mór an truagh ná bfuil" trelis bhreislis Máire "agat, a dhuine". "Conus a gheóbhfaidh mé é a Mháire" arsa an duin'asal. "Geóbaidh Seán é a dhuine". Thainig Máire abhaile agus d'innis sí do Sheán go raibh an duin'úasal ag glaodhach air. Chuaidh sé go dtí an(continues on next page)- Collector
- Pádraig Gruiméil
- Gender
- Male
- Informant
- Eóghan Ó Néil
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Kerry