School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 630
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh fear ó Dhúnchaóin go dtí an Daingean lá. Do theastuig cúig gallún beathuisghe i gchóir bainfeise baistíghe uaid. Bhí muil mhór dhubh aige, agus bí úinacha ar dhrom na mhulach chun an beathuisge do thabhairt abhaile. Sar ar dh'fhág sé an tig tabhairne tháinig cómharsa dho isteach, agus, bhíodar ó bhraon go braon go rabhadar ar meisce. Nuair thosnúigheadar ar dhul abhaile bhí se dórchadh agus bhí deabhad ortha. Nuair a bhí cúpla míle d'on bhóthar curtha dhíobh achu tháinig tuirse ortha agus shuigheadar síos ar cnocá cloch i bhí ar tháobh an bhóthair. Ní rabhadar i bhfad ann nuair thuit a gchodhladh ortha, agus chuaidh an mhúil amú. Nuair i dhuisigheadar chuadar ag lorg na múlach agus fuaireadar sínte ar an mbóthar í, agus mheasadar go raibh sí marbh, agus an dha chrúsca briste. "Ó cripes" arsa an fear, "cad a dhéanfhad anois? geobhaidh na pileiri amach é, agus chuidfidh siad i bpríosún mé." "Neósfaidh me dhuit cad dheanfainíd", arsa an fear i bhí inaónacht leis. "Bainfhimid an croiceann dí agus ní aithineóchaid na píleírí í" Annsan do bhaineadar an chroiceann d'on mhúil. Cuadar abhaile agus thugadar an croiceann leó. Go luath ar maidin amáireach bhí feár na mulach na shuidhe, agus nuair d'oscail sé an doras bhí an muil amuig ach ní raibh luid de'n chroiceann(continues on next page)
- Collector
- Cáit Nic Gearailt
- Gender
- Female