Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lios mór ag na Lochlannaig fadó, agus is ón lios seo a fhuair Lios-a-Phucha a ainm. Tá rian agus sean-fhothracha na leas le feicsint ann fós. Deirtear go ndeinidís a dheoch féin ann. "Beóir Loclannach" a tugtaí ar an ndeoch san. Do mharbhuigheadh iad go léir aon oidhche amáin, mar bhí daoine eile in-a gcomhnuidhe in-a ghar dóibh agus ní raibh fios acha cionus a dhein na Lochlannaigh an deoch agus níor innis na Lochlannaig dóibh é.Tháinig searbhtán ar na daoine eile, agus do mharbhuigheadhar na Lochlannaigh go léir aon oidhche amháín, mar do sgaipeadar stuif draoidheachta ar fuaid na leasa, agus do fhuair na Lochlannaig go léir bá i gceann cúpla nóimeat. D'fág siad alán airgid in-a-ndiaidh, agus ór dobh 'eadh an chuid ba mhó dhe, agus ón am san go dtí an lá indiú, tá an t-ór go h-iomadáíl ins an lios seo.
Síle Ní Chonchubhair
Ceatrú-na-h-Abhann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carhoonahone, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chonchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carhoonahone, Co. Kerry