School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)síos ann. Bhí gach aoinne ag ithe, ag cainnt, 's ag comhradh go subhailceach agus go geal - gháireach. Muiris chomh geal-ghaireach he h-aoinne. - spórt agus sult an domhain d'á bhaint aige as gach sgéal a bhíodh ar siúbhal.
Núair a bhí gach aoinne dótanach d'eirig an ministir. Do stad an chainnt agus an gleó go h-obann, agus leis an gciúineas a bhí ann do b'féirir biorán a clos a' tuiteamh. "Tá t-ainm - se in áirde" ars' an ministir leis an sagart, dar leis "Le méid do chuid leíghinn agus do chuid eolais. Is chun tú a thriall i láthair na ndaoin' uaisle seo a thugas-sa annso indiu tú. Tá trí ceisteanna agam le chur ort, agus feicimís anois an cathair mar a tuairisc". do cuid foghlumtha. Gabhaim-se orm go mbeidh sé lean ort iad a freahgairt". "Amach leo," ars' an fear eile. "Cá bhfuil fód láir an domhain?" ars an ministir. "Féin' chois dheis," arsa Muiris. "Cianos a dheimhnigheann tú san dam?" ars' an ministir. "Tair -se agus tómhais ó thaobh, taobh an domhain go dtí mo chos dheas, agus cidhfir an bhfuil an cheart aga," arsa' Muiris. Níor b'fhuiriste do'n ministir san a dhéanamh, agus chuir an dara ceist - "An mó galún de sháile glan san bhfairrge?" "Níl ach naoi ngalún," arsa Muiris. "Cianos a chruithuigheann tú san dam?" ars' an ministir. "Tair agus stop gach abha agus shruthan d'á dteigeann san bhfarraige annsan tómhais an sáile, agus má féadann tú mise a bhreagnú, eirighim as an sgeal" arsa Muiris. Thógfadh san tamall ó'n ministir agus níor bhac sé leis - bhí a malairt de chiall aige. Amach leis an dtríomhadh ceist - "Cad is dóigh leat-sa nách dóigh liom-sa?" "Is dóigh leat-sa gurab é an sagart ata agat, ach ní hé ach an t-amadan de dhriatáir de," arsa Muiris.
Níor fhan focal ag an ministir. Do shleamhnaigh Muiris amach agus thug a bóthar air abhaile. Do b-áthasach a bhí an(continues on next page)