School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 017
  3. XML “Bríghde agus na Buachaillí Bána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Máire chomh maith, agus dubhairt sé léi teacht chun an bhúird. Tháinig ,agus bhí sí buidheach beannachtach dó. D'fhanadar annsan go dtí aimsear suipéir, agus níorbh fhada gur buaileadh an doras, agus tháinig chúcha isteach seanabhean bocht , críodna caithte, agus do cheapadar ná raibh innte teacht aníos chun na tine le lagachar agus le h-aos.. Do bheannuig fear a 'tíghe di , agus d'iarr sé uirthi teacht chun an bhúird, ach dubhairt sí leis go m 'bfearr léi a cuid a a thabhairt aníos chun na teine chúiche féin. Do tugadh chúiche aníos biadh agus deoch, agus d'ith agus d'ól sí a dóthain, Nuair a tháinig aimsear codhladhta, dubhairt fear a' tíghe go ndéanfadh sé leabaid do' n dtriúr acu sa chúinne, ach dubhairt an seanabhean go mbfeárr sí féin soipín féir a chaitheamh aníos chun na teine chuiche. Ní raibh aon amhras fóghanta aige Bríghde aisted, mar is minic a thugadh í fé ndeara í ag tabhairt droch shúil uirthe féin. Ach go h áirithe chuaidh Bríghde agus Máire i n-aon leabaidh amháin agus d'fhan an seanabhean sa chúinne. Annsan do chuaidh muinntir an tíghe a codladh, agus ní ró shásta a bhí Bríghde léi féin, mar is minic a thugadh sí fé ndeara an seanabhean so ag tabhairt droch shúil uirthe. Do bhí Máire 'na codladh go sámh fé'n am so,ach má seadh ní cúram codhladhta do bhí ar Bhríghde bhocht , ach mar sin féin do leog sí uirthe bheith ag sranntarnaig. Do thug Bríghde súil -féachaint( sle) uirthe, agus ambasa , cad a chífeadh sí ná an bríste laistig don seana ghúna. Annsan dubhairt Bríghde léi féin gurbh olc an áit a thug a cosa í i gcómhair na h-oidhche. Do cheap an seanabhean seo mar dheadh, Bríghde bheith 'na codhladh.Annsan do phreab sí amach i lár an urláir ,agus do chaith dhi an seana ghúna.Ach anois faraoir, ní seanabhean a bhí ann a thuille ,ach stropaire breágh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0956B: The Clever Maiden Alone at Home Kills the Robbers
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheal Mac an Roigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry