School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 035
  3. XML “An Bhaintreach agus A Beirt Iníonacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an bhaintreachach leis an tarna ingín dul amach ,agus tor cabáiste a thabhairt isteach, agus nuair a chuaidh sí amach is amhlaidh a bhí an fear a bheir an céad cailín leis amuigh aris. Do labhair sí leis agus dubhairt .Is dócha gur tusa d'arduig mo dhriofúr eile leat. Is mé ar seisean,agus béarfaidh mé tusa leis liom. Seadh d'arduig sé chun siúbhal í, agus chuaidh sé go dtí carraig . Do labhair sé leis an gcarraig agus dubhairt oscail, agus d'oscail ,agus chuir sé isteach sa tseómra í mar a raibh an céad cailín. Do chaitheadar cúpla lá annsan, agus an tarna lá do chuaidh an fear amach , agus nuair a cheap na cailíní go mbeadh tamall maith de'n bhóthar curtha dhe aige, chuadar go dtí an doras , agus dubhradar oscail, agus d'oscail. Chuadar amach annsan, agus dubhradar dún agus do dhún. Nuair a thánghadar chómh fada leis an ngeata níor fhéadar é oscailt, agus do bhí claidhe mór árd timcheall na páirce,agus níor fhéadar dul thar an gclaídhe amach ach chómh beag. Chonnacadar fear siúbhail ar an dtaobh amuigh den ngeata, agus dubhradar leis go rabhadar ag teicheadh leo féin, agus dá bhféadfadh sé i n-aonchor é cabhair éigin a thabhairt dóibh chun dul thar claidhe amach. Do bhí dhá bhraitlín aige 'n bhfear siúbhail , agus cad do dhein sé ná iad a shnaimeadh ar a chéile, agus annsan ceann amháin de a chaitheamh isteach chun na gcailíní, agus an ceann eile de a chaitheamh isteach chun na gailíní ,agus an ceann eile dhe do choimeád lasmuigh é féin. D'éirigh ins an tslíghe sin , agus annsan do tharraig sise an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0311: Rescue by the Sister
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Síghle Gugán
    Gender
    Female
    Address
    An Com, Co. Kerry