School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dóibh. Nuair ná féadfaidís teacht suas leis, chuireadar na gadhair na dhiaidh acht bhí an oireadh san aithne ag na gadhair ar Dhómhnall nár dheineadar aon nídh leis. Sa tsiúbhal do chonnaic sé uaidh an Gleann agus dubhairt sé dá bhfaghadh Dómhnall radharc ar an ngleann úd thall dfágadh sé Tráighlí ar an móthar acu agus lé na línn sin do léim sé an gleann, agus bhí sé as a radharc go deó, Do bhí sé ag cur de annsan go dtí gur tháinig sé go dtí abha agus dfhiafhruig sé de fhear na habhann é cur treasna ach ní chuirfheadh . Do shnáimh Dómhnall anonn, agus chuaidh sé go dtí bean muinnteardha a bhí ar an dtaobh eile d'abhainn, Dubhairt sé léi a léine nígh dhó , agus í a chur anáirde ar an tsídhgóig annsan amuigh mar raghad-sa chodhladh innti sin mar shídgóig. Chuaidh sé a a chodhladh innti agus i-na chodhladh do taidhbhrígeadh dó go rabhathas dhá fhásgadh síos i na bhróig féin agus nuair a dhúisig sé , bhí an gárda ar an dtaobh eile de'n abhainn. Do bheir sé ar a léine agus sa tsiúbhal leis go dtí gur tháinig sé go híoctar na h-Éireann go dtí feirmeóir. D'fhiafruig sé de fhear an gheataig é leogaint isteach agus do leog. Do innis sé a sgeal de'n fheirmeoir, dubhairt an feirmeóir má thagann siad annso , tá fhios agam-sa cad a dheanfhad leó acht níor thánghadar. D'fhan sé ag an bhfeirmeóir ag obair ar feadh seacht mbliana. Tháinig sé abhaile annsan go dtí na athair is(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Bríghde Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry