School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
![The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 049](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0478%2FCBES_0478_049.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 049
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)hoidhche ach ag gol sa béicig furmhór na h-aimsire ar slíghe go rabhadar céasta cráidhte aige. Ní úsáideadh se aon bhiaidh ós a gcómhair. Nuair a théighidí amach i bhfeidhil a ngnósta dhúnaidís an doras agus bfágaidís annsan é na aonar. An biadh fhágaidís aige bfaghdís usáidthe é nuair a thagaidís thar n-ais. Dfan an sgeal mar sin go dtí aon lá amháin bhí Síoman ag dul sa chathair bhuail sé an lúb ar an mdoras is dfág sé é seo istig. Nuair a bhí sé tamall ón dtig chuimhnig se gur dein se dearmhach agus dfill thar n-air chun a tíghe. É ag deanamh ar an dtig casd a cloisfeadh se ach ceol aoibhinn na bpíopaí a sheinim istig agus is amlaidh a bhí an fear istig is a phíopaí ceoil aige is é ag seinim ar a dhícheall. Tá go maith arsa Síoman leis féin síofra éigin ón liosacán seo tíos iseadh é seo agus cuirfead sa deire leis anocht. Glaoidh sé ar chuid des na cómharsain agus dubhairt sé leó gabhail cuige istoidhce go raibh gnó aige díobh. Annsan de bhuail sá sluasad a deargadh isteach sa teine agus nuair a bhí sí dearg de thóg amach í agus bhí sé chun é loscadh mar a dtabharfadh se cúnntas na mhac féin dé. Nuair a chonnaic sé an sluasad dearg bhí na h-aon bhéic is na h-aon luigh aige. Ach chuaidh na cómarsain i nathcuingheachas air Shíomon gan é loscadh. Annsan(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ó Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Éamonn Ó Leathlobhair
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry