School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 070
- XML “An Signum”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímcheall cead bliain ó shoin do bhí scoil ghairid i mBaile 'n Sgeilg. Sé an ainim a tugtí ar an bhfear a bhí ag múineadh ná an maighistir bacach mar do bhí chos ghairid fé. Ba mhór an traeson Gaedhluinn do labhairt i naonchor san am san. Sé an pionós a chuirfí ar duine a chloisfheadh an máighistir ag labhairt Ghaeluinne ná an cipín beag a bhí aige do chrocadh ar a mhuineál agus sé an ainim a bhí air sin ná an Signum. Ba mór an ceann fé agus cúrsaí magaidh ag an gcuid eile des na buachaillí é sin. Do bhí an Signum air crochadh ar feadh abhfad ar bhuachaill darab ainim Donnchadh Ó Laoghaire agus bhí sé ag faire go dian chun sgarúint leis. Aon maidean amháin is é ag teacht go dtí doras na scoile do chuala sé buachaill eile ag labhair Ghaeluinne. Ó h-anam an diabhal Paddy O Shea is spaking Irish. Do chualaidh an máighistir ag easgainí é, thug sé leis isteach é agus théidh na cliatháin go maith aige agus dhaignidh an cipín níos a bfeárr air.
Eibhlín Ní Leathlobhair- Collector
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Eamonn Ó Leathlobhair
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry