School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 072

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 072

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 072
  3. XML “Más Cam Fillfidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhad iad go dtí an Buithléarach ar an gCoirreán iad. Árd ceann Dlíghe a b-eadh é sin san am san agus nuair a chonnaic sé cad a bhí déanta do ghléas sé a chóiste ceithre gcapall agus do chomáin sé na fir bhochta abhaile ó thuaidh sa Daingean.D'fhan an sceal mar sin ar feadh ádbhar blianta agus sé an áiit a casadh Seán Ó Leidhin ná na chliain isteach go h-Oileán Dairbhreach. Iascaire mór a beadh é ann agus fuair sé bheith i na captaoin saidhne. . Aon oidhche amháin is é ag iascach lastuaidh de Dhairbhre. De shéid an gala andheas air agus n'fhéadfhadh sé an cuan féin a dhéanamh , agus b'éigean dó scaoileadh ar cuan an Daingin agus shrois sé é saor sábhálta. Bhí iasgairí an Daingin ann rómpa agus do chuir na h-aoinne acu beirt nó triúr des na fearaibh chun a tíghe féin. An tig na raibh Seán Ó Leidhin is a cuid fear, bhí fear ana críonna ann is d'fhiosruig díobh cad as iad.Ó Oileán Dairbhreach ar siad san. Tá aithne maith again air arsa an fear críonna. Do thosnuig sé bheith ag eachtraí ar chuid iasgaig ar slíghe is gur thrácht sé ar Chath na Sgeilge idir iad féin is muinntir Bhaile 'n Sgeilg.ach d 'iarras ar Dhia gan an braon a thógaint óm shúil go gcasfí sgiollúch buidhe do mhuinntir Leidhin orm do bhris ár lámha is ár gcosaibh. Am -baiste tháinig eagla ar Mhac Uí Leidhin ar eagla ar eagla go naithneofí é mar dhéanfadh muinntir an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Eamonn Ó Leathlobhair
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry