School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 093
  3. XML “Scéal na Lánúine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aige, , ag díol bioráin, is snáthaidí. Do bheannuig sí dhó, agus do bheannuigheadar araon do'n a chéile. Do bhíodar ag cur díobh ar feadh tamaill,agus iad ag innsint a gcúrsaí dá chéile. Bhí an deireannaighe, agus an meirgídhe ceóid ag teacht,agus do chonnacadar tig tamall uatha, agus do chuadar fé na dhéin, féach a bfaighdís loistín na h-oidhche.Bhí fáilt agus fiche rómpa ag mnaoi an tíghe sin. Ar feadh tamaill mhaith de'n oidhche bhíodar ag innsint scéalta dá chéile, go dtí go raibh sé aimsear codladhta. Chuaidh an peidléar i seómra leis féin , agus an bhaintreabhach i seómra eile. I lar na h-oidhche amach, do chualadih an bhaintreabhach an gearán i seómra an pheidléara. Do chuir sí cluas uirthe féin, agus cé bhí istigh i seómra an pheidléara ná bean a ' tíghe, agus a mac. Do bhí an peidléar ag gearán , fé mar a bheadh sé leath marbh acu.agus ba gheárr gur thángadar isteach sa tseómra 'na raibh sí fhéin, agus solas acu. Do leog an bhaintreabhach uirthe bheith na codhladh, agus d'fhéachadar ar na súile go maith aice. D'imthígheadar uaithe annsan, agus do chuarduigheadar a cuid éadaig, féach a bhfaighdís aon airgead, ach ní bhfuaireadar ach cúpla scilling a bhí istigh ins na stocaí,agus do thógadar an méid sin. Annsan do labhair an máthair le na mac, agus dubhairt Dhera ní dhéanfaimíd a thuille cuarduig tímcheall ar an mnaoi bhocht seo, mar níl aon airgead aice. Do chualaid an bhaintreabhach gach aon fhocal dá ndubhradar,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Conchúbhair Ó Súilliobháin
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    An Com, Co. Kerry