School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)maidean lá ar na mháireach, agus do chuir an sagart a bhuachaill aimsire roimh lá ad' iarraidh na muice. agus nuair a bhí an buachaill 'á tiomáint amach as an gcró iad, cé chídhfeadh sé ar an dtaobh istigh de'n doras acht Liam. As go bráth leis an mbuachaill ag triall ar an sagart agus d'innis sé a a scéal do, ach ní chreidfeadh an sagart é. Seadh arsa 'n buachaill, tar tú féin agus cídhfidh tú é.Tháinig an sagart agus nuair a chonnacadar Liam, as go bráth leis féin agus leis an buachaill. Nuair a dhúisidh Liam chonnaic sé na daoine ag dul go dtí an t- Aififreann agus siúd leis 'na ndiaidh. Na daoine a bhí roimis amach do ritheadar agus do ghearradar gach cómhangar nuair a chonnacadar é , ach má seadh do rith Liam 'na ndiaidh mar do cheap sé gurb amhlaidh a bhí sé ag déanamh ar aimsear Aifrinn, agus go raibh eagla ar na daoine go mbeidís déanach.Ach fé mar is mó a bhí sé ag teacht orthu, iseadh is mó a bhíodar ag gearradh roimis go dtí gur bhaineadar amach an Seipéil. Nuair a a chonaic an sagart é , do labhair sé leis agus dubhairt . Ar son Dé a Liam Uí Ruainigh órduighim thar n-ais go dtí do uaig tú. Ar son Dé arsa Liam nílim marbh in aonchor, , agus d'innis sé gach focal do fé mar thuit amach.
Ainm an duine go bhfuaras an scéal uaidh Seán Ó Dá,
A aois 70 bliadhan
a sheoladh Ceannárd , Baile 'n Sceilg.
Síghle Ní Shúilliobháin- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Dá
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cinn Aird Thoir, Co. Kerry