School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 117
- XML “Gabha na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ní raibh an mac aige. D'fhiafruig athair an gharsúin d'fhear an chapaill cár fhág sé a mhac . Dubhairt sé na feadar sé cá raibh sé, agus do chaith sé ádhbairín aigrid ar an mbóthar chuige. Thosnuig an t-athair ag priocadh an airgid suas , agus nuair a chonaic fear an chapaill é sin do chuir sé chun bóthair chómh tapaidh is bhí i gcosaibh an chapaill é dhéanamh. D'imthig an t-athair abhaile , agus d'innis sé an scéal dá mhnaoi., agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé na cosa go dtí na glúine chun a mhac d'fhághail. Do dhein an bhean lón dó agus do chuir sé sa tsiúbhal. Do bhí sé ag cur de go dtí gur tháinig sé go dtí abhainn. Chonac sé fear ag iascaireacht san abhainn, agus na h-aon breac a mharbhuigheadh sé chaitheadh sé uaidh ar an bport é. Thosnuig an fear eile ag bailiúghadh an éisc agus ag déanamh aon charnáin amháin de, go dtí gur bhuail an t-iascaire féin leis. D'innis sé a scéal don iasgaire mar gheall ar fhear an chapaill."Beidh cuardach agat do mhac d' fhágháil, mar is cleasaidhe an fear san . Ach b'fhéidir ná beadh sé ró dhian ort má dheineann tú fé(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Seochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry