School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cé eile a beadh ann ach mé féin. Maith fear a Dhómhnaill arsa'n sagart. Tar annso isteach chúgham. Chuaidh agus croith an sagart braon uisge coiscreacan air. Ó faire go bráth athair arsa Dómhnall is mór an náire mé , feach an ghabhailt seo atá orm, Bhí iongadh mo cróidhe orm cad na thaobh go raibh na daoine ag teicheadh uaim ach chím anois go raibh cúis acu beith ag teicheadh . Ní h-aon nídh é sin a Dhómhnaill arsa' n sagart tiocfhair uiadh. Cheistig sé Dómhnall annsan ar conus a bhain an méid sin dó. Dinnis Dómhnall dó focal ar fhocal mar a bhain dó. Á a Dhómhnaill arsa an sagart, Dómhnall na nGéimleach a bhuail leat agus dá dtabharfá-sa aon eachtra beag dó san sgaoilfeadh sé abhaile thú fé mar a sgaoil sé abhaile an fear eile. Nuair ná raibh aon sgéal agat thug sé siúd sgéal le n-innsint duit go mbeidh cuímhne agat air fad a mhairfhir.Cuir an sagart ar mhuinntir Dhómhnaill Uí Sheaghdha agus dubhairt sé léo éadach Dhómhaill a thabhairt chuige agus thugadar. Chuir Dómhnall air a chuid éadaigh agus ghluais sé air abhaile cómh maith is a bhí sé aon lá riamh na saoghal.
- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry