School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 159
  3. XML “Óró is Nach Brónach Mo Shlí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuarduígheas an Chluain di agus suas go Formaóil,
    Imiollach Péiste, is an Charraig arís,
    Seo dtuaidh tríd an dtuath mé mar a mbíonn Phoebus ag faoídhe,
    Chuas síos go dtí an Rínn Ruadh mar ar thugas tamall im shuídhe,
    Agus óró, nach brónach mo shlíghe.
    6
    Ar maidin amáireach deirígheas m shuídhe,
    Chuarduígheas Drom Caor is Cíll a Goirtín,
    Cathair Sádhbháin is na Gearbhainí síos,
    'S anonn go Crois a' Chárta mar a bhfuil Crochán de Faoite,
    Óró nách brónach mo shlíghe
    7
    Do chuarduígheas Cúm Beatha agus Bealach Oisín,
    Tuar a 'Chlodáin agus Poll na Cré Buídhe,
    Tulaig Fhaoíleáin agus suas tríd an gCoíll,
    Chuas go dtí an Roithleán mar a bhfuil Paidí an tSnaoísín,
    Agus óró nách brónach mo shlíghe.
    8
    Chuarduígheas na Corra di is ghabhas tríd an Doirín,
    Trí Gort a tSléibhe is go dtí an t-Oileán Buídhe,
    Inse na Tuinne agus Bun a ' Doirín,
    'S níor stadas gur chuadhas go breall an Túirín,
    Agus óró nách brónach mo shlíghe.
    9
    Chuardhuígheas an Faithche agus Tír ó Maoíl,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Bríghid Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Age
    81
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry