School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Page 083
- XML “Caoineadh Dhiarmada Uí Ullacháin - Sagart Paróiste Uíbh Laoghaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caoineadh Dhiarmada Uí Uallacháin, Sagart Paróiste Uíbh Laoghaire.
D’éag an 6ú lá Bealtaine 1888
I
Is mór an brón do Pharóiste Uíbh Laoghaire
Ár sagart breá, ró-mhaith, fónta, tréitheach,
Do sciobadh ós ár gcomhair, dar ndóigh as a léirneart
Agus céad faire go deo nár bhuaine é a shaol dúinn. II
Dúinn is dubhach é a thurnadh lánlag,
’s is easnamh go dlúth é dá pharóisteánaigh;
Is cúrsaí cumha é dá dhlúthchairde,
Do thuill gradam is clú dhóibh siúd agus cáil mhaith. III
Ba mhaith a cháil agus dob fhearr a thréithe,
Go carthanúil, grámhar, lán de dhaonnacht,
A chroí, geal, álainn ró-ard dhéarcach,
’s cá raibh sagart dob fhearr le fáil in Éirinn? IV
Cé go bhféadfaí ’áireamh dís is caoga
Sagairt a’ “Psalms” go breá le chéile air,
Deirim neamhspleách, gan náire in aon chor,
Ná raibh duine acu ab fhearr ná an sárfhear féinig. V
Dob é an sárfhear córach mómharach néata é,
’na phearsa, ’na shnó ’s ’na mheon le chéile,
’na raibh luisne mar rós nó i gcomhdhath chaora(continues on next page)