Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus ’sé an ainm a bhí air ná Seán Córach. Bhí sé ’na chónaí lena mháthair i dtigh beag deas cluthar agus bhíodar go lántsásta agus a ndóthain le n-ól agus le n-ithe acu.
Is é an sórt suipéir a bhíodh acu gach oíche ná leite mine buí. Nuair a bhíodh sí beirithe do thógadh an mháthair a cuid féin amach i méis agus d’fhágadh sí cuid Sheáin sa chorcán agus do chaitheadh sí taoscán bainne isteach ann. D’itheadh Seán go meidhreach sásta mar sin í agus ní bheadh aon mheas ar aon chor aige uirthi muna bhfaigheadh sé as an gcorcán í. Duairt a mháthair leis aon lá amháin:- “A Sheáin, a stóraigh, táim ag smaoineamh le tamall go bhfuil sé in am duit bheith ag cuimhneamh ar phósadh agus bean óg éigin d’fháil duit féin, mar tá ’fhios agat go bhfuilimse ag dul i gcríonnacht agus ná féadfad maireachtaint i bhfad eile agus mo lánsaol d’fháil, mar ní bheidh compord agat go dtí go mbeidh bean éigin agat a dhéanfaidh gnó a’ tí duit.”
Geallaimse dhuit ná raibh aon leisce ar Sheán an chomhairle sin do ghlacadh óna mháthair mar bhí fonn pósta air féin le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí