School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Béaloideas
“Neithe nár cheart iontaoibh a bheith asta:”
Nithe nár cheart iontaoibh a bheith astu:-
Adharc bó, tóin capaill, gáire Sasanaigh nó drannadh madra.
Nó
Oíche Fómhair, tóin linbh, ná sláinte duine críonna. Trí ghéithte tairbh:-
Siúl dána, muineál láidir agus bonn cruaidh.
Trí ghéithte giarrfhiadh:-
Cluas éadrom, súil iomallach agus fionnadh mín.
Trí ghéithte mná:-
Ucht leathan, cum caol agus drom gairid. An Lá San Phóil má fhógrann grian le teas
Beidh rath go leor agus Fómhar na bliana i gceart,
Nó an Lá San Phóil má bhíonn sneachta ar mhórchnoic thoir, thuaidh nó theas
Beidh ár go leor agus is cóir don bhliain bheith tearc.
Cad iad na nithe nách féidir a cheilt?
Grá, tart agus tochas.
Cad iad na trí nithe nách féidir a fhoghlaim?(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chríodain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Drom an Ailigh, Co. Cork