School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Béaloideas (continued)
“Neithe nár cheart iontaoibh a bheith asta:”
(continued from previous page)Guth, féile agus filíocht.Cad iad na trí nithe nách aon chabhair bheith ag gabháil dóibh?
Bheith ag adú tine ar loch,
Bheith ag caitheamh cloch le cuan,
Bheith ag gabháil de ribe ar iarann fhuar.Ciocu is sia a théann teas nó fuacht?
Comhfhaid a théann teas agus fuacht,
Comhfhaid a théann fuath agus grá,
Ach nuair thigeann éad ar a’ mnaoi
Fanann sé uirthi go brách.Seanfhocal.
Ní luaithe ar an ngaoith ná ar intinn mná.Tairngreacht Cholam Cille.
An chéad aon :- Mo léan Loch Léin gan daingean ar bith.
An tarna haon :- Ní bheidh éinne i nDúiche Ealla dem shliocht.
An tríú haon :- Is claon agus is cleasach é a gcoir.
An ceathrú haon :- Is baol don eaglais ansan.
An cúigiú haon :- Is daor a bheidh talamh acu.
An séú haon :- Gur tréith a bheidh Gearaltaigh.
An seachtú haon :- Gur tréith a bheidh mairbh ar muir.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chríodain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Drom an Ailigh, Co. Cork