School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
![The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 151](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0338%2FCBES_0338_151.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 151
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)I gceann cúpla uair a’ chloig, nó mar sin, tháinig an bhó go dtí an doras arís. “Is iontach an bhó í sin,” arsa an bhean nuair chonaic sí an dara huair í agus fuair sí árthach mór agus do crúigh sí go raibh an t-árthach lán.
Ní raibh aon deireadh le bainne na bó úd. Pé árthach a bheadh ag an mnaoi do líonfadh sí é. Do bhí breis agus a dóthain bainne ón lá san amach ag mnaoi a’ tí sin. Ba mhó go mór de bhainne a bhí aici ná mar a bhí ag an mnaoi a thug an t-eiteachas don duine bocht a bhí ar lorg dí uaithi.
Ní ceart an t-eiteachas a thabhairt do dhuine bocht más féidir é.- Collector
- Maighréad Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Carraig na Damhaire, Co. Cork