Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 151](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0338%2FCBES_0338_151.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 151
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I gceann cúpla uair a’ chloig, nó mar sin, tháinig an bhó go dtí an doras arís. “Is iontach an bhó í sin,” arsa an bhean nuair chonaic sí an dara huair í agus fuair sí árthach mór agus do crúigh sí go raibh an t-árthach lán.
Ní raibh aon deireadh le bainne na bó úd. Pé árthach a bheadh ag an mnaoi do líonfadh sí é. Do bhí breis agus a dóthain bainne ón lá san amach ag mnaoi a’ tí sin. Ba mhó go mór de bhainne a bhí aici ná mar a bhí ag an mnaoi a thug an t-eiteachas don duine bocht a bhí ar lorg dí uaithi.
Ní ceart an t-eiteachas a thabhairt do dhuine bocht más féidir é.- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí