School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 250
  3. XML “An Bhean Doicheallach agus an Bacach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do mhair fadó sa ghleann so sean-bhean go raibh ainm an doichill uirthe agus nior b'aon ionghnadh é mar ní thabharfadh sí déirc daoinne beó. Dorn prataí ba ghnáth a thabhairt mar dheirc an uair sin mar ná raibh an tairgead le faghail. Deireadh na sean daoine gur cóir aon nidh a tugtaí mar dheirc do chur ar phlata no i méis eigin.
    Chuir fear geall le bacach lá na faghadh sé aon nídh ó'n mhnaoi seo agus chuir an bacach geall leis go bhfaghadh. Ar dhul isteach sa tig chúici seo mar a thosnuig sé.
    A bhean a tighe shéimh bí eascaidh is freagair an dall,
    Tá cios na dtrí géille agam féin ort agus tuille sa bhannc,
    Má fhuighim anois déirc ní glaodhfad ortsa go Samhain,
    Ollan no líon no piosa den' mhuic ar an oidhin
    Scilling den chíos má cionn Mac Muire sa roinnt.
    Ar sise.
    Admhuighim an tsaoghal ná fuil aon-nidh in aistbih id' chóir
    Tá ollan mo chaorach ar aonach indiu no i bport
    Ach ar do chasadh dhuit glaoidh is beid déirc id aistibh ar bhórd.
    Ar chasadh do fuair sé ollan is líon, piosa den mhuic is scilling
    Ar sise airís.
    A ropaire dhaill is fior gur chaithis do rann,
    Ba dheacair dul diot nuair d'irighis ar radaireacht luím,
    Seo scilling don chíos duit as cuir diot ón dtallamh m am,
    Nó ma bheireann fear an tighe ort geobhair diol an bhramaig sa [?]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Address
    Snave, Co. Cork