Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do mhair fadó sa ghleann so sean-bhean go raibh ainm an doichill uirthe agus nior b'aon ionghnadh é mar ní thabharfadh sí déirc daoinne beó. Dorn prataí ba ghnáth a thabhairt mar dheirc an uair sin mar ná raibh an tairgead le faghail. Deireadh na sean daoine gur cóir aon nidh a tugtaí mar dheirc do chur ar phlata no i méis eigin.
Chuir fear geall le bacach lá na faghadh sé aon nídh ó'n mhnaoi seo agus chuir an bacach geall leis go bhfaghadh. Ar dhul isteach sa tig chúici seo mar a thosnuig sé.A bhean a tighe shéimh bí eascaidh is freagair an dall,
Tá cios na dtrí géille agam féin ort agus tuille sa bhannc,
Má fhuighim anois déirc ní glaodhfad ortsa go Samhain,
Ollan no líon no piosa den' mhuic ar an oidhin
Scilling den chíos má cionn Mac Muire sa roinnt.Ar sise.
Admhuighim an tsaoghal ná fuil aon-nidh in aistbih id' chóir
Tá ollan mo chaorach ar aonach indiu no i bport
Ach ar do chasadh dhuit glaoidh is beid déirc id aistibh ar bhórd. Ar chasadh do fuair sé ollan is líon, piosa den mhuic is scillingAr sise airís.
A ropaire dhaill is fior gur chaithis do rann,
Ba dheacair dul diot nuair d'irighis ar radaireacht luím,
Seo scilling don chíos duit as cuir diot ón dtallamh m am,
Nó ma bheireann fear an tighe ort geobhair diol an bhramaig sa [?]- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí