School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 274
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin do mhair tímcheall na háite seo baintreabhach bocht. Ní raibh aici ach aon mhác amháin dar b'ainm do Seán. Tháinig sé lá chun a mháthar agus dubhairt lei gur beag leis fein an feirmín a bhí acu agus gur mhaith leis dul le céird eigin. D'fhiafhruig a a mháthair de cad é an chéard ba rogha leis agus dubhairt sé gur bé a bharamhail na taithneadh aon chéard cómh maith leis le dligheadóireacht.
Go luath maidin lá'r na bháireach bhí an bheirt ar an mbóthar ag lorg tighe dligheadóra. Bhíodar ag ag cur na slighe dhíobh mar a chuirfeadh fiadh buidhe ó'n Mangartan nuair buail orta fear a fhiafruig de Sheán ciacu máighistir ag lorg buachalla é no buachaill ag lorg máighistir. Ní leogadh náire do Sheán bocht labhairt go ceann tamaill ach fé dheire dubhairt se go maolchluacach gur buachaill é a bhí ag lorg mhaighistir, a dheunfadh dligheadóir de. Dligheadóir a beadh an fear so agus do gheall sé go dainghean go dtabharfadh sé an chéard go maith do Sheán.
Is brónach, briste croidheach bhí an baintreabhach
bocht ag filleadh abhaile dhi tar éis scaramhaint le na mac múirneach. Ní mar sin a bhí an mac ámhtach mar bé bhfada leis go mbeadh tosnuighthe aige ar foghluim na céirde. Ar mhuin capall a bhí an dligheadóir agus thug sé Seán abhaile na chúlóig.(continues on next page)- Informant
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork