School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 279
- XML “Ceirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí gabha i gCúm-Thóla fadó agus dheineadh sé pící de chruaidh. Dúbhairt na sean daoine gur b'shin a ghnó ó Luain go Satharn. Picí Cropí a tugtaí ar na pící a dheineadh sé. Tá cuid de's na pící sin tímcheall na dúithe fós. Do dheineadh an fear ceudhna geataí agus drollna.
Do bhí greasaidhe i Muillean Mór a dheineadh agus a dheisigheadh bróga. Níor chuir sé ceap riamh in aon bhróig acu ach fód móna. Do dhein sé peidhre bróg do Dhiarmuid na Sceal agus bhí air dhá fód móna do chuir ionta siúd, mar peidhre buataisí ab eadh iad.
Do bhí cúipéar san áit seo agus do dheineadh sé tubáin meadair agus barrailí. In áit éigin i nDrom Dubh a bhí sé na chómhnuidhe. Oidhche dá raibh sé ag teacht abhaile do bhí air poll doimhin san abhainn do chrossadh. Do bhí beama treasna na h-abhann ó bhannc go bannc agus do bhí an beama fluich. Do shleamhnaig an cúipéar agus do thuit sé isteach san abhainn agus do bádhadh é agus ó shoin i leith glaodhtar Poll an Cúipeara ar an(continues on next page)- Collector
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gender
- Male
- Address
- Mill Big, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Mill Big, Co. Cork