School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 290

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 290

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 290
  3. XML “Eoghainín na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do thagadh chun na háite seo is dócha go bhfuil sé ceithre fichead bliadhan ó shoin fear siubhail darb bainm do Eoghainín na hÉireann. Bhí easnamh éigin ar aigne an fhir bhoicht acht bhí sé gasta go maith i slightibh. Do chreideadh daoine go dteigheadh sé go ceithre hárda na hÉireann ag imirt liathróid coise agus iománuoichta leis na daoine maithe. Daoine boga símplí a beadh muintir na háite seo an uair seo agus chreididís a gcloisidís.
    Gheibheadh Eogainín loisdín i ngach tig ar a niarradh sé é ar a shon go mbíodh sé in aonacht leis na daoine maithe. Ní raibh fear óg ná cailín óg a bhí imighthe le bliadhanta na go raibh cuntas cruinn ag Eoghan orta.
    Oidhche dá raibh sé i dtig timcheall an bhaill seo tháinig bean des na comharsanaibh isteach agus d'fhiafhraig sí de Eoghan a raibh tuairisg ón saoghal eile aige. Dubhairt seisean go raibh. "Mhuise" arsan bhean conus tá Donnchadh Ruadh?" "Creid mé" arsa Eoghan gurab é tá go leathan láidir." "Agus conus tá Donnchadh Garbh?" ar sise. "Creid mé leat arsa Eoghan gurab é an t'iomanaidhe is fearr tá na measg acht go bhfoirid Dia orainn ná fuil pinginn na phóca aige. Dubhairt gach aoinne bhí istig gur mór an truagh Donnchadh a fheiscint gan scilling. In ainm Dé arsa Eoghainín beidh siad ag imirt báire ist oidhche amáireach shios i bPortláirge agus dubharthas liomsa cnuasach eigin airgid a bhailiú dhóibh. Tug furmhor bhí istig aon leath-pinginn a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    null
    Gender
    Male