Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do thagadh chun na háite seo is dócha go bhfuil sé ceithre fichead bliadhan ó shoin fear siubhail darb bainm do Eoghainín na hÉireann. Bhí easnamh éigin ar aigne an fhir bhoicht acht bhí sé gasta go maith i slightibh. Do chreideadh daoine go dteigheadh sé go ceithre hárda na hÉireann ag imirt liathróid coise agus iománuoichta leis na daoine maithe. Daoine boga símplí a beadh muintir na háite seo an uair seo agus chreididís a gcloisidís.
Gheibheadh Eogainín loisdín i ngach tig ar a niarradh sé é ar a shon go mbíodh sé in aonacht leis na daoine maithe. Ní raibh fear óg ná cailín óg a bhí imighthe le bliadhanta na go raibh cuntas cruinn ag Eoghan orta.
Oidhche dá raibh sé i dtig timcheall an bhaill seo tháinig bean des na comharsanaibh isteach agus d'fhiafhraig sí de Eoghan a raibh tuairisg ón saoghal eile aige. Dubhairt seisean go raibh. "Mhuise" arsan bhean conus tá Donnchadh Ruadh?" "Creid mé" arsa Eoghan gurab é tá go leathan láidir." "Agus conus tá Donnchadh Garbh?" ar sise. "Creid mé leat arsa Eoghan gurab é an t'iomanaidhe is fearr tá na measg acht go bhfoirid Dia orainn ná fuil pinginn na phóca aige. Dubhairt gach aoinne bhí istig gur mór an truagh Donnchadh a fheiscint gan scilling. In ainm Dé arsa Eoghainín beidh siad ag imirt báire ist oidhche amáireach shios i bPortláirge agus dubharthas liomsa cnuasach eigin airgid a bhailiú dhóibh. Tug furmhor bhí istig aon leath-pinginn a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua hÚrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí