School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Ss. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheag. Ní lobháilfroch (?) d'aoinne achu teacht i dtír leis an droch aichíd bhí ortha ar eagla go dtófraidhe an muinntir istig é. Do fuar beirt de's na daoine breóíte bás san aichí agus do chuireadh iad in oileán theas - oileán íseal atá laistiar de bhéal an chuain. An triúr slán do dheineadar mála de sean sheól agus chuireadar an t-ór agus an t-airgead isteach ionnta agus do chuireadar i bhfolach ibpholl san bhfaill ar an dtaobh thoir den cuan gan fhios daoine beó san long ach iad féion, le súil go bhfillidí airís ó'n Spáinn agus go mbeadh sé achu féin agus a ndóthain achu ar feadh an cuid eile dá saoghal mar do mheasadar go raibh sé tuillte go maith machánta achu, toisg an méid cruadtan, d'fhuilingiocad (?) ar slighe anall ag friothálamh ar an lucht breóíte. In dhiaidh a céíle do chas a sláinte ar an dreaam eile airís agus fuaireadar lom ar an ngaoith adtuaidh. Bhaineadar an t-ancaire agus dárduigheadar na seólta agus scaoileadar an long ó dheas ar a dtí féín. Do shroiseadar cuan Sebastaena na dtír féín i gceann seachtmaine agus deirtear go bhfuil cuan Sebastaena dá chead deag de mhíle slighe ó Cuan Dor. T'réis tamaill éigin dóibh na dtír dúthchais fuair an triúr bhí sláinteamhail riamh bás in dhiaidh a céíle sula bhfuaireadar tam ar filleadh thar nais go h-Eirinn chun an tór bhreith leó. Ach leog duine duine éigin acu an rún len a cáirde sul a fuair sé bás. DO bhí sagart óg thall sa Spáinn san am san agus chuala sé an scéala san(continues on next page)
- Informant
- Seán Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Aghatubrid More, Co. Cork