School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)

Location:
Knockskagh, Co. Cork
Teacher:
Ss. Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 104

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 104

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sceach, An Léim
  2. XML Page 104
  3. XML “Príomhscéal Chuan Dor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    roimhe sin. Is dócha nár thánaig i leitéid d'ainmhidhe isteach go h-aon cuan ó'n ainmsear gur mhairbh Fionn agus Fianna piast loch Chuan ar Córra thuaidh na h-Éireann. Maidin lár na bháireach nuair ná raibh aon tuairisg ar bheithea na h-oidhche aréir. Do tánadar i gceann a céile arís agus (-------)
    dubhradar go raghaidís ag cuardach an sadibhris an t-ath uair. Seo chun obair airís iad agus ambasa féin ní rabhdar ibhfad ann nuair do tháinig sathadh de bheachaibh nuadha isteach an cuan airís cúcha agus d'fobair (?) go gcasfaidhe dall iad leis na beacha ag satha a gcealgaí ionnta ó'n mhéid an deithineas chun bhóthair bhí ortha indé ba seachdí seacht mhó an dithineas bhí ortha indiu i gcorpan lae gléigeal (?) rit lea (?) annam ó na beacha. Nuair d'fágadar na beacha do thionartir (?) igceann a céíle do'n trimhadh uair agus bhí seanóír 'na measg Diarmuid Mór Ua Donabháin a b'ainm do agus dubhairt sé gurb é toil Dé an dá sholúid, (?) úd do thuit amac aréír agus indiu. Má rithfeadh leó an t-ó d'aimsiú, d'osclaidís na málaí. Dubhaidh (?) sé chun é roinnt eadtora féin agus bhí an méid mí adhmhaire (?) istig ins na malaí i dteannta an óír. Do thógaidís an aichíd dálta mar bhí sé ar na sráinnig. Do béarfaidís abhaile é ag triall ar a mhuinntir agus do leathfadh sé ar fuid na tíre go léir ó Ceann Chinn tSáile go Dun Buidhe Bearna agus ó Dún Maon Mhuighe go Ceann Dún Déide agus sul a bhfeadfaidhe stopadh cuir leis do dheinfeadh sé níos mó léirsgrios ar mhuinntir na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Address
    Aghatubrid More, Co. Cork