Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bean a bhí ann agus bhí mac aici. Bhí sé le pósadh ach níor iarr sé a mháthair in aon chor chun a' phósadh. Ní raibh sí galánta a dhóithin ach tháinig chun an posadh gan iarraidh. Níor chuir sé aon t-shuim innte agus níor leig sé air gur connaic sé í in aonchor. Seo mar adúbhairt sí leis.
    "Dia agus Muire dhuit a chumainn is a chulaig,
    No an b'feiceann tú mise annso im chureadh gan iarraidh,
    Is mo bhraon mhilis a thugas óm' chliabh duit,
    Agus an oidhche rugadh tu d'fhuilingheas pian duit."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Bhí beirt spealadóirí ag baint féir do fheirmeóir ar a bpágh agus bhí ar an bhfeirmeóir iad do chothúghadh. Bhí sé de nós an uair sin go n-oibrídís roimh an breicfeasta. Nuair a ghlaodhadh ortha chun an breicfeasta sé an breicfeasta a fuaireadar ná gruth agus meidhg. Ní rabhadar sásta in aon chor le seo agus chuir sé fearg ortha. Chuadar amach ag baint arís agus sé an rud adubhairt duine acu leis an duine eile
    "Más gruth is meidhg ár bpágh
    Bargadh is béarnadh ar an dté nár fógadh
    An chuid ab fheárr fé thíar Dé"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. products
      1. food products (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge