Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 083](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0329%2FCBES_0329_083.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 083
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 083
- XML “Seanráiteacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Dá thrían gaoíl cine"
"Is minic a bhíonn brainín giobalach 'na ghillín cumasach"
"Ceann dubh ar ghach maidin Earraig
Is eirbeall an sionnaig as san siar"
"Aigne réidh a réidtígheann snáth"
naoi gcómharthaí an t-sheanduine
ingine, saint, is clúmh, fuacht, leisge is codhladh breimmeach, bodhaire is cearaíghe.
"Sé capall na h-oibre an biadh"
"an t-Abhrán bog braonach a chuireann a luas i gcluas an t-sheana Caonach."
"Ná mol an croiceann go b'feicir cad ta laistig de"
"Ní thógann an dá thráigh leis an nGobadán"
"Níl aoinne níos dealbhú ná an bochtán saidhbhir."
"Ná leig go shúil thar do chuid."
"An té ná múineann Dia ní mhúinid duine é"
"Ní ag an láidir a bhíonn an buadh i gcómhnuidhe
"Ná bíodh ionntaoíbh agat as cois deiridh an chapaill go dtí go bhfeicir í ag imtheacht ar ghualainn an mhadra."
"An áit a bhíonn an gé bíonn an ganndal
An áit a bhíonn an bhean bhíonn an clampar"
"Lá breágh sa Ghemhreadh, no sláinte duine críondha no focal duine móir gan scríobtha."
"Gáire maith is codhladh fada an dá leigheas is fearr i leabhar an dochtúra"
"Fearthainn do laogh is gaoth de shearrach uisge do ghé agus déirc do bhachach."
"Is mairg a thugann droch mheas do'n óige"