School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear 'na chómnuí in aice le Mainistir na Mórna fadó. Domhnall Mach Carthaigh a b'ainm dó. Bhí clann mhór aige agus bhí sé an-bhocht. Bhí sé eirighe níos boicte ó ló go ló go dtí an deire nac raibh fághtha aige ac aon bhó amháín; d'eirigh sé go moch maidin amháin leis an bhó do thabhairt ar aon aonac. Nuair a bhí sé tamall ag gabhail na slighe, buail fear leis, fear beag a bhí ann. Bhí cruit air agus bata in a láimmh aige. Do bheannuigh sé do Dhómhnall ach ní leigfeadh an t-eagla dó san, ach cupla focal a rádh. Ach do chuaidh an fear beag ar aghaidh leis. D'iarr sé ar Dhómhnall cá raibh sé ag dul agus d'innis Dómhnall a sgéal dó. Do tarraing an firín buidéal as a phóca, agus do thairg se é ar a mbuin. Ní glacfadh Dómhnall leis í dtosach. Ach dubhairt an firin gur buidéal iongantac a bhí ann agus glac Domhnall leis. Cuaidh Dómhnall abhaile agus do cuir sé an buidéal ar an dtalamh agus ar seisean leis "Dein do gnó." Ansan do léím an beirt fhear amac as an buidéal agus chuir an bord i dtreó le plátaí óir etc. Bhí an Carrthach saidhbhir ansin agus do caith sé saoghal duine uasail. Ac do sgar sé leis an mbosca ar móráin airgead agus ó'n lá sin amac bhí ag eirighe bocht airís go dtí ar deire nach raibh ach bó amháin fágtha aige airís. Cuaidh sé ar aghaidh go dtí an aonac airís agus do bhuail an fear leis le buidéal eile. Ar ndóigh do glac Domhnall leis go fonnmhar agus thug abhaile(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir