School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá cuma ait ar an gcarraig - dhá bhior ag gobadh amac, cosúil le dhá garda ag tabhairt aire don Caisleán. Tugadh Carraig na bhFear ar an gcaisleán i dtosac agus t'réis tamaill ar an sráíd-bhaile agus ar an dúthaigh mór-dtímcheall.(b) Bhí sean-bhean 'na cómhnuidhe san sráid-bhaile agus bhí dairéag mac aicí. Aon áit a bhíodh troid ar siubhal bhídís ann agus bhidis i gcómhnuidhe ar thaobh na lag agus i gcoinnibh na h-eagcóra. Bhí cliu agus cáil ar a neart agus ar a cróhacht agus tugadh Carraig na bhFear ar an áit ó'n ar thángadar.('Sé an ciall a togtar ar "Fear" anso sa cómhursanacht ná "Laoc")
(c) Deirtear leis gurbh é fáth ar tugadh Carrág na bhFear ar an áit ná mar geall ar an méid laoc a imthigh as an caisleán san agus a throid ar son na h-Éireann. - Sin ainm na pairce 'na bhfuil Tig Muinntir Ceannt tóghta in aice le Carraig na bhFear. Deirtear go raibh Eaglais ann fadó.
- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir