School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glashaboy
- XML Page 553
- XML “An Damhan Alla agus Íosa”
- XML “Móinéir Maistín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)h-Iudaigh isteac agus nuair na feacadar é chuadar ar a slíghe.Is mar gheall ar an ngniomh maith seo a rinn sé ar son ar dtighearna gur feichide bheannuighthe aan dubhán fhalla.
- Bhí feirmeoir i Whitechurch uair amaín agus tháínich maictíre isteac cuige agus dealg 'na chois. Do bain an feirmeoir an dealg as agus d'imthigh an maictíre ag cromadh a chinn agus ag breith buidheachais.Tamaill in dhiaidh sin do goideadh cheithre cinn dá bhuaibh nó chudadar amudha uaidh. Do chuaidh sé ar a lorg agus fé dheire do tháinic sé go Sliabh Luacra. Bhí tuirse agus ocras air agus chuaidh sé isteach i mbothán aonair ar thaobh an t-sléibhe. Bhí teine geal ar lasadh istig agus chuir sean-bhean agus sean-fhear fáílte roimis. D'iarr sé loistín na h-oidhche ortha agus tugadh dó é. Ach dubhairt an bhean leis gan aon iongnadh do theacht air pé rud a chífeadh sé. Fhé dheire tháínic maictíre isteac agus chuaidh isteach i seómra agus tháinic amach mar fhear óg. Tháinic cuig maictírí isteac sa t-slíghe sin agus cuireadar go léir na mílte fáilte roimh Tadhg Ó Dorgán ó Carraig na bhFear. Dubhradar leis gan aon eagla theacht air agus go dtabharfaí a chuid beithidheac ar ais dhó.(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir